|
|
Clár
na nAmhrán (teastaíonn
Adobe
Acrobat Reader)
Faigh liricí anseo agus éist le samplaí
Faigh ábhair ranga anseo
Tá an plainéad
a bhfuil cónaí orainn ann clúdaithe cuid mhór
le huisce. Sna farraigí móra, fairsinge seo, tá
cónaí ar chuid de na hainmhithe is iontaí agus
is aistí ar domhan. Is áit an-spéisiúil
chomh maith í an trá, áit a gcasann an fharraige
agus an talamh ar a chéile. |

Ceol na Mara,Songs of the Ocean
Futa Fata Féasóg, Futa Fata FFCD003
|
Sa chnuasach
seo, "Ceol na Mara" cloisfidh tú amhráin a
chuireann síos ar shaol na n-éan agus n-ainmhithe a
bhfuil cónaí orthu san fharraige. Póilín
Piongain, mar shampla, éan nach maith léi bheith ag
eitilt; míol mór a chaitheann a shaol ag snámh
síos agus aníos san uisce, gan trácht ar Fungie,
an deilf cháiliúil a bhfuil cónaí air
i gcuan an Daingin, i gCo. Chiarraí. Cloisfidh tú chomh
maith faoin méíd ar féidir a fheiceáil
is tú ag siúl ar an trá, gan trácht ar
na cleasanna ar féidir imirt ar dhaoine agus tú ag spraoi
ar an trá!
Bainfidh idir
pháistí agus daoine fásta gáire agus
pléisiúr as an mbailiúchán amhrán
seo!
An grúpa comhcheoil atá le cloisteáil ar an
amhrán "Oscail do Shúile"
Ar chúl, ón taobh clé: Andrea Ní
Chionnaith, Bríd Eileanór Ní Chonaill, Saoirse
Howlin, Aedín Ní Loideáin. Chun tosaigh - Aisling
Ní Fhatharta, Brídóg Nic Aodha Bhuí |
Triúr fonnadóirí óga atá
le cloisteáil ar Ceol
na Mara
Caitríona Ní Chualáin, Maidhc Ó
Conghaile agus Laura Nic Craith
Liricí
& Samplaí na nAmhrán
(teastaíonn Adobe
Acrobat Reader agus seinnteoir MP3) |
|
| Cúinne na Múinteoirí The Teachers' Corner |
A mhúinteoirí agus a thuismitheoirí/caomhnóirí:
Ábhar tacaíochta don seomra ranga,
ar fáil seo thíos saor in aisce !
Teachers and parents/guardians:
Fun support materials relating to the songs on "Ceol na Mara", for use in the classroom or the home, downloadable for free!
(teastaíonn Adobe Acrobat Reader) |
|
|
| Sna
cáipéisí seo a leanas, tá fáil,
saor in aisce, ar roinnt moltaí maidir leis na hamhráin
ón albam "Ceol na Mara" a usáid sa seomra
ranga, mar ábhar Gaeilge, ceoil, corpoideachais, eolaíochta,
drámaíochta agus ealaíne. Tá na
moltaí seo leagtha amach de réir treoirlínte
an Churaclaim Leasaithe Bhunscoile. Beimid ag cur leis an rannóg
seo den suíomh sa chúpla mí atá
romhainn amach. |
|
|
 |
|
Céard é do mheas faoin ábhar seo atá
curtha ar fáil againn? Ba mhaith le Futa Fata a bheith
ag cur feabhais ar an suíomh i gcónaí
agus cuirimid fáilte mhór roimh thuairimí
ó mhúinteoirí, oideachasóirí
agus tuismitheoirí.
Scríobh chugainn ag: eolas@FutaFata.com |
|
|
John Ryan agus Tadhg Mac Dhonnagáin

Léim go Barr //\\ Jump Back to the Top |
|
|