Tá Futa Fata ar cheann de na tithe foilsitheoireachta is mó fáis in Éirinn. Is ar pháistí agus daoine óga atáimid dírithe go príomha. Cuirimid réimse leathan leabhar ar fáil do réimse leathan aoisghrúpaí, ó pháistí an-óg go déagóirí. Foilsímid roinnt teideal chomh maith atá dírithe ar dhaoine fásta. Tá ár gcuid leabhar á n-úsáid i scoileanna ar fud na hÉireann agus tá léitheoirí óga agus a dtuismitheoirí ag baint aoibhnis astu sa bhaile chomh maith céanna.
Ó tharla gur mar lipéad ceoil a bunaíodh Futa Fata an chéad lá riamh, tá suim ar leith againn sa cheol agus i rannta, idir ábhar traidisiúnta agus ábhar nuachumtha. Tá tóir an-mhór ar na cnuasaigh amhrán agus rannta atá foilsithe againn i bhfoirm dlúthdhiosca agus leabhar.
Foilsímid cuid mhaith teideal i gcomhar le páirtnéirí thar lear, mar chomheagráin idirnáisiúnta. Táimid ag obair faoi láthair i gcomhar le comhlachtaí sa Bheilg, sa Spáinn, i Montréal Cheanada, sna Stáit Aontaithe, agus sa Bhreatain.
Ag eascairt as an taithí sin, táimid ag tosú ar na leabhair atá á bhforbairt anseo in Éirinn againn a dhíol thar lear ar an gcaoi chéanna, féachaint le hardán domhanda a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge agus do mhaisitheoirí leabhar na tíre seo.
Tuilleadh eolais: Scríobh chuig stiúrthóir Futa Fata, Tadhg Mac Dhonnagáin — tadhg@futafata.com.
Agus bíonn scéal Futa Fata is déanaí ar fáíl anseo: Nuacht Futa Fata
|